- Description
- Praise
- About the Author
- Reader Reviews
Scéal ó thraidisiún béil an Lucht Siúil
le Oein DeBhairduin
Comhfhoilsithe ag Little Island agus Skein Press
Fréamhaithe i dtraidisiún scéalaíochta an Lucht Siúil, séimh é seo faoi éagsúlacht, féinghlacadh agus léargais éagsúla ar an domhan.
Taistealaíonn dhá dhrúchtín, deartháireacha, le chéile go dtí go bhfiafraíonn seanchearc phréacháin díobh cá bhfuil a mbaile. Buaileann náire duine acu, a shocraíonn go dtógfaidh sé teach agus go dtabharfaidh sé ‘seilide’ air féin. Fuaraíonn caidreamh na ndeartháireacha agus fásann drochamhras eatarthu.
Tá náire ar an drúchtín nach bhfuil blaosc aige go dtí go dtuigeann sé gurb ionann an bóthar a dtaistealaíonn sé air agus a bhaile agus, mar sin, beidh baile aige go deo.
As seo amach tá an drúchtín sona beag beann ar dhrochmheas neacha eile agus tugann sé faoin saol le mórtas agus le muinín.
"Seoid de leabhar é le breathnú air agus seoid de leabhar é le breith air.’ (A jewel of a book to look at and a jewel of a book to hold.)" – Tús Áite - RTÉ Raidió na Gaeltachta
"Scéal thar a bheith cumhachtach a théann i ngleic leis na dúshláin atá roimh an lucht siúil in Éirinn sa lá atá inniu ann." – Tús Áite - RTÉ Raidió na Gaeltachta
"Is leabhar álainn é An Drúchtín agus an Seilide ... Is leabhar riachtanach é d'aon seomra ranga." – InTouch
Description

Praise